Táim i mo bhall den gComhluadar Imeánuéil, comhluadar atá bainteach go mór le soiscealaíochta san eaglais. Tógann an comhluadar a ainm as scriptúr: “Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac agus tabharfar Imeánuéil mar ainm air,– ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn” (Matha 1:23). Tá áit tábhachtach ag an Mhaighdean Mhuire, Mháthair an Imeánuéil í spioradáltachta an gComhluadar agus bíonn paidir coisreacain á rá ag na mbaill inti go laethúil. D’aithin an Pápa Benedict XVI an éifeacht seo í aitheasc a thug sé don gComhluadar í 2011: “Tóg Muire isteach i do ‘dteach’, mar a rinne an deisceabal muirneach, ionas go mbeadh sí go fírinneach an mháthair a threoraíonn thú í dtreo a mhac Diaga agus a chuidíonn tú chun a bheith creidmheach dó i gconaí.”
Tagann mórghrásta an Chomhluadar Imeánúéil ón carasma atá againne (Adhradh Eocairisteach, Atrua, Soiscéalaíocht). Glacann an comhluadar páirt i misean na hEaglaise i saol an lae inniu trí urnaí (Adhradh Eocairisteach); tríd a bheith ag obair leis na boicht (oibreacha atrua dóibh siúd atá gan tacaíocht, tinn nó ar imeall na sochaí); agus trí soiscealaíocht a dhéanamh ar fud na cruinne le daoine atá ag fulgaint toisc nach bhfuil aithne acu ar Dhia agus nach bhfuil aithne acu ar ghrá Dé.
Is comhluadar mhiseanach é an gcomhluadar Imeánuéil. Tá misean míosúil againn í Ionad Siopadóireachta na Cearnóige, Tamhlacht ar Satharn amháin den mhí. Bhíonn Aifreann á reáchtáil ag an gComhludar san aireagal ansin a thosaíonn ag meanlae. Ina dhiaidh an Aifrinn bíonn Adhradh Eocairisteach go dtí urnaí an tráthnóna agus bíonn sagart ar fáil le haghaidh faoistin. Fanann roinnt den gComhluadar san aireagal ag guí ar son an misean agus ag an am céanna théann na mbaill eile ag déanamh soscealaíochta. Le haghaidh gach misean bhíonn áit áirithe sa Ionad Siopadóireachta ina bhfuil cead ag an gComhluadar spás Tearmainn a cruthú le mbord, íocón, litríocht dhiaganta agus coinneal. Ar feadh dhá huair a chloig ansin, téann na misinéirí an gComhluadar í dteagmháil le lucht siopadóireachta an ionad, ag roinnt áthas ár gcreidimh agus ag tairiscint dóibh coinneal saor in aisce chun lasadh san aireagal.
Bíonn iontas againn i gconaí faoin oscailteachta na dhaoine agus na comhráite eatarthu. Go minic bhíonn comhrá fhada againn faoi gcreideamh. Iarann roint acu ghuí ar son a intinne Fanann siad an fhaid a theastaíonn uathu san aireagal agus bíonn fáilte rompu urnaí a scríobh agus focal scrioptúir a thogáil as ciseán atá ar fail ag an altóir. Bíonn aiseolas dearfach againn i gconaí agus daoine ag caint faoi cé chomh corraitheach is a bhíonn sé cúpla nóiméad a thogáil as an siopadóireacht gnóthach chun coinneal a lasadh agus a bheith í láithreacht Dé.
Ó am go chéile bhíonn misean pharóiste éascaithe ag an gComluadar chomh mhaith, mar shampla an misean a bhí againn í pharóiste an tIúr le déanaí. In rith na misean seo bhíonn an comhluadar pháirteach í go leor gníomhachtaí éagsúla mar shampla soiscéalaíochta sráide, seirbhís atrua, agus cuairte ar títhe an pobal, scoileanna, liotúirge na eaglaise agus imeachtaí sa gceantair áitiúla.
Tá obair an tSoiscéalaíochta a dhéanann comhluadair amhail Emmanuel fíor thábhactach do misean an eaglais sa sochaí inniu agus tá an tábhacht sin ag dul i méid i gconaí de réir dí-eaglaiseachais agus aindiachas sa ré nua-aimseartha. I mo thuairim ní féidir soiscéalaíocht inchreidte a dhéanamh gan gcreidimh agus múinín a chur in Íosa Críost agus Muire Mháthair i dtosach báire. Tagann an intinn mhisineach trí urnaí. Is as an bpaidreoireachta a fhaightear an Spiorad Naomh agus an uaillmhian iarracht a dhéanamh Críost a chur in iúl do dhaoine eile, le cúnamh agus le treoir Muire, Réalta na Soiscéalaíochta. Trí machnamh a dhéamamh ar rúndiamhrachtaí na gCorónach tá deis álainn againn chun guí ar son intinn na soiscéalaíochta, lámh chúnta idirghabhála a iarraidh ar Mhuire agus lánmhuinín a chur inti lenár threorú.
Intinn mhiseanach an Phápa do mhí Bealtaine 2016
Go n-úsáide teaghlaigh, comhluadair agus grúpaí an Choróin Mhuire mar urnaí le hintinn na soiscéalaíochta agus na síochána.
Pádraig Ó Maoldúin, sliocht as Timire an Chroí Ró-naofa, eagrán an Earraigh 2016