Fiú go raibh an Eaglais Chaitliceach i gconaí bainteach le misean agus soiscéalaíocht, níor baineadh mórán úsáid as an téarma ‘soiscéalaíocht’ anuas trí ré na staire mar gheall ar an nasc leis an traidisiún Protastúnach. Ach pléadh an misean go mór sa dara Comhairle Vatacanach agus le láithreacht an Spioraid Naoimh bhí an eaglais in ann gné carasmatach an creidimh a athaimsiú. Dá réir na Comhairle thosaigh próiseas athnuachana san Eaglais agus bhí go leor ráite agus scríofa faoin soiscéalaíochta, dhá imlitir pápach san áireamh.
Ta dhá cineál soiscéalaíochta ann – an modh príomhúlach (primary) agus an modh tánaisteach (secondary). Sa modh príomhúlach tá an tsoiscéalíocht dírithe ar na tíortha nach bhfuil an Chríostaíocht ann ar chor ar bith. A mhalairt atá í gceist sa modh tánaisteach (an tSoiscéalaíocht Nua) – dírithe ar na tíortha Críostaí is sine ina bhfuil cleachtas an chreideamh laghdaithe iontu agus an cultúr saolta ag dul i méid. Is tíortha forbartha iad seo den chuid is mó, le heacnamaíocht láidre agus tomhaltachais. Bhí an rath ar an chreideamh Críostaí iontu roimhe seo ach anois tá siad faoi bhrú de réir dí-eaglaiseachais (secularism) agus aindiachas (atheism) sa ré nua-aimseartha. Bhí an téarma ‘Soiscéalaíochta Nua’ curtha i bhfeidhm ag an tSuí Naofa i rith pontaifeachta beannaithe Eoin Pól II, tréimhse a raibh fíor tábhachtach san eaglais – ag spreagadh ‘Cincíse Nua’ i ndáirire.
Chuir an Pápa Benedict XVI Comhairle speisialta ar bun i 2010 chun an tSoiscéalaíocht Nua a chur chun cinn san Eaglais. Tá roinnt cuspóirí tábhachtacha ag an gComhairle seo maidir leis an Soiscéalaíocht Nua: machnamh diagachta a dhéanamh ar an ábhar; staidéar agus scaipeadh acmhainní; tacaíocht a thabhairt le tionscnaimh láithreacha don eaglais agus tionscnaimh na Comhluadar nua; na gné comarsáide nua a spreagadh mar ionstraimí don soiscealaíocht; agus caiticeasma na heaglaise a chur cinn mar leabhar treorach lánchuimsithe an chreidimh. Tá an obair tosaithe cheana féin ag an gcomhairle. Bhi cruinniú idirnáisiúnta speisialta le haghaidh rannpháirtithe an Soiscéalaíocht Nua i 2011 agus i rith Carghas 2012 bhí tionscnaimh “Misean Ceannchathracha” (capital cities) eagraithe ina raibh ardeaglaisí roinnt cathracha na hEorpa mar fócas ar an Soiscéalaíocht. I mBaile Átha Cliath bhí dhá Misean Cathrach mar chuid de na hUllmhuithe le haghaidh an 50ú Comhdháil Idirnáisiúnta Eochairisteach. Tá Sionad na nEaspag glaoite ag an Pápa Benedict chomh maith leis an teideal “An Soiscéalaíochta Nua don Seachadadh an Chreidimh Críostaí” agus d’fhógair sé “Bliain an Chreidimh” freisin le go leor tionscaimh shoiscéalaíochta, mar shampla feachtas domhanda don Phaidrín.
Ta torthaí na Soiscéalaíochta Nua go mór le feiceáil san eaglais. Is féidir breathnú ar an méid comhluadar eaglaiseach nua atá bunaithe le caoga blian anuas chun é seo a léiriú, gluaiseachtaí agus comhluadair amhailYouth 2000, Emmanuel Community, Saint Egidio, Focolare, Communion and Liberation agus Neocatechumenal Way. Is comhluadair bheo fuinniúla iad seo, lán den Spiorad Naomh, ina bhfuil gníomhaíochtaí leathana á reáchtáil acu – adhradh Eocairisteach, caiticéis ar theagasc na hEaglaise agus na Scrioptúr, seirbhís atrua, tionscnaimh chóir shóisialta (social justice) agus obair leis an óige san áireamh. Leiríonn an obair a dheanann na comhluadair nua seo athás agus fuinneamh an Spioraid Naomh atá láithreach san Eaglais inniu agus an tábhacht atá ag baint leis an tSoiscéalaíocht Nua maidir le misean na heaglaise go ginearálta.
Is féidir ratha an Soiscéalaíochta Nua a feiceáil san óige chomh maith agus is léir go mbraitheann todhchaí na heaglaise orthu. I mo thuairim féin tá fírinne sa seanfhocal ‘Mol an óige agus tiocfaidh sí’. Go minic ní bhíonn ach spreagadh ag teastáil maidir leis an óige. Is minic a bhíonn an óige ag iarraidh teacht ar an mbrí atá leis an saol a chaitheann siad – ag lorg cairdeas, comhluadair agus grá ó lucht a gcomhaoise féin. Mar gheall ar an tSoiscéalaíocht Nua áfach, tá an líon daoine óga a fhaigheann áthais agus dóchas ón gcreideamh ag dul i méid. Is fíor fhinnéithe agus misinéirí an chreidimh iad i gcultúr dí-eaglaiseach an lae inniu, rud a dhéanann difríocht mór sa tsochaí.
Gan amhras tá an tSoiscéalaíocht Nua fíor-tábhachtach don chreideamh Chaitliceach inniú agus tá an tábhacht sin ag dul i méid i gconaí. I mo thuairim féin tá misinéirí tuata agus comhluadair láidre riachtanach chun misean na heaglaise a chomhlánú, go háirithe sa tíortha Críostaí is sine ar domhan. Ar bhonn na taithí a fuaireas féin ag obair le Youth 2000 in Éirinn agus ón staidéar a rinne mé leis an Emmanuel School of Mission sa Róimh, tuigim go bhfuil dualgas ár linne mar Chaitlicigh soiscéalaíocht a dhéanamh agus Críost a fhogairt do dhaoine eile chomh minic agus is féidir. Sa slí sin is féidir linn a bheith mar fíor fhinnéithe don Soiscéal. “Gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa” (Gníomhartha 1:8). Tá tuilleadh eolas faoi mo mhisean pearsanta ar www.patmuldoon.org
Is as An Muileann gCearr do Phádraig ó dhúchas. Tá sé bainteach le soiscéalaíocht don óige le deich mbliana anuas. I mbliana chríochnaigh sé cúrsa soiscéalaíochta leis an Emmanuel School of Mission sa Róimh.
Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Dheireadh Fómhair 2012
‘Go dté an tsoiscéalaíocht nua chun cinn ins na tíortha Críostaí is sine’.
– Pádraig Ó Maoldúin, sliocht as Timire an Chroí Ró-naofa, eagrán an Fómhar 2012