An Ghaeilge agus an Ghaeltacht!

Bhí grá mhór agam don Gaeilge ó raibh mé i mo dhéagóir. Agus mé sa dara bhlian ar meanscoil í gColáiste Fhinín Naofa sa Muilleann gCearr shocraigh mé dul go dtí an nGaeltacht le haghaidh cúrsa samhradh chun feabhsú a chur ar mo chuid Gaeilge. Cé go raibh suim agam i gconaí sa Gaeilge mar ábhar staidéar bhí an gcúrsa Ardleibhéal don Teastas Shóisearach réasúnta deacair – bheadh ort a bheith sách mhaith sa cluaistuisint agus sa an gramadach – go háirithe An Modh Coinníalloch – chun maracanna sásula a fháil, fiú i do scrúdaithe scoile.

Chuaigh mé chuig Coláiste Lurgan i Indreabhán, Contae na Gaillimhe i rith Samhradh 1996 le haghaidh mo chéad eispéireas sa Gaeltacht. Gan amhras bhíos neirbhíseach faoin gcúrsa agus bhí sé mo chéad turas as baile i mo aonair chomh maith. Faraor, ní raibh gá leis – bhí sceitimíní san aer sa gcoláiste. Idir ranganna agus imeachtaí spóirt agus gcúltur – ceol, damhsa, céilithe – iad uile trí mheáin na Gaeilge ní raibh an t-am agam a bheith uaigneach agus d’imigh an trí seachtaine go tapaidh. 

Mhothaigh mé tairbhe mo eispéireas i Gaeltacht gConamara ar an toirt. D’oibrigh mé go dlúsúil sa triú bhlian ar scoil agus d’eirigh mé go maith sa Teastas Sóisearach de bharr mo shaothair. Thit mé i ngrá leis an Gaeilge agus an Gaeltacht ón chéad gcúrsa Gaeilge sin i gConamara agus bhí fonn orm dul arís ar feadh mo oideachais iar-bhunscoile ar fad. Mar sin sa deireadh thiar thall chuathas chuig ceithre cúrsaí suntasach de idir 1996 agus 1999, cúrsa chinnirí san áireamh.

Maireann na cuimhní fós agus mothaím go bhfuil ceangal faoi leith cruthaithe i mo chroí leis ár dteanga náisiúnta dá bharr. Thaithin sé go mór liom a bheith ag stáidéar an Gaeilge don Ardteist agus d’eirigh mé go maith sa Gaeilge sa scrúdú sin chomh maith. Dá mbeadh breith ar m’aiféala agam, dá mbeinn á dhéanamh arís, leanfainn an Gaeilge sa triú leibhéal ach ar an taobh eile is féidir linn a bheith ag foghlaim ar feadh an tsaoil. Táim an-bhuíoch le go mhór dhaoine a labhair Gaeilge dhom í comhthéacs sóisialta agus oibreacha le sách fáda anuas.

I 2015 bhí eispéireas Gaeltachta eile agam nuair a raibh laethanta saoire agam ar Inis Meáin. Bhí dlúthchómhra agam leis na oileáinaigh agus deis agam cúrsa spioradálta a bheith agam sa tearmainn naofa agus cúltuir seo. Rinne mé roinnt oibriú go deonach le daoine óga tríd meáin na Gaeilge i rith an pandéim Covid agus d’airigh sé mo grá don Gaeilge arís. Agus mé i mo chonaí i Learpholl na Sasana i 2021-22 bhí sé de phribhléid agam a bheith páirteach i imeachtaí Conradh na Gaeilge.

I 2024 thosaigh mé ag obair leis an seirbhís phoiblí. Ba mhór an onóir dom é chun tacaíocht a thabhairt do státseirbhísigh trí meáin na Gaeilge. Tá feabhsú mór taghta ar mo chuid scileanna teanga agus tá deiseanna hiontach ann cosúil le stáidear a dhéanamh le Gaelchúltur agus tionscnaimh nua Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí – inár féidir státseirbhísigh teacht le chéile ar ocáid shóisialta chun an teanga a labhairt agus neart spraoi agus siamsaíocht a bheith ag tarlú freisin.

Thug sé an-sásamh dom a bheith ag obair sa Gaeilge agus fuaireas an méid sin focail misnúil ó mo comhleacaithe chun staidéar a dhéanamh sa Gaeilge. Mar sin shocraigh mé chun dul chuig an nGaeltacht ag deireadh mí Lúnasa 2024 le haghaidh cúrsa samhraidh do daoine fásta ionas go mbeadh m’intinn san áit cheart chun staidéar go páirtaimseartha don Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil le Gaelchultúr.

Chuaigh mé go dtí Oideas Gael i nDún na nGall agus bhí sé iontach ar fad a bheith in ann seachtain iomlán a caitheamh i dtimpeallacht álainn Gleann Columcille. De réir an eispéireas seo bhíos in ann cur le mo líofacht sa teanga agus san am céanna taitneamh a bhaint as ár gcultúr beo. Ní amháin sin ach bhuail mé le grúpa hiontach foghlaimeoirí agus d’fhás cairdeas eadrainn. Bhí lúchair an domhain orm i ndiaidh an gcúrsa agus cuimhní croíúla agam ón am suaimhneach a chaith mé sa ceantar Gaeltachta seo atá ainmnithe as Naomh Colmcille!

Author: Patrick Muldoon