Modhanna Nua Cumarsáide

Patrick Muldoon

Oibríonn mé mar riarthóir le Sacred Space (www.sacredspace.ie). Is láithreán gréasáin é a bhunaigh na hÍosánaigh sa bhliain 1999. Tugann sé deis do dhaoine idir óg agus aosta machnamh a dhéanamh agus guí os comhair an ríomhaire. Is é an bunchuspóir atá ag an suíomh gréasáin seo ná treoir a thabhairt do dhaoine trí am gairid urnaithe ar an idirlíon, agus a léiriú chomh maith gur féidir guí chun Dé in aon áit, fiú os comhair an ríomhaire.

D’éirigh go geal le Sacred Space ó bunaíodh é. Tá sé ar fáil anois i mbreis is scór teanga éagsúil (an leagan Gaeilge Tearmann san áireamh), agus sroicheann sé na mílte daoine ar fud na cruinne dá bpaidir laethúil. Anuraidh bhí breis is cúig mhilliún cuairteoir ag an suíomh – is ionann sin agus naoi gcéad duine a bheith á usáid chuile uair. Faigheann daoine suaimhneas ón suíomh, agus braitheann siad bainteach le pobal paidreoireachta ar líne, rud atá fíorthábhachtach dóibh.

Bíonn cuairteoirí Sacred Space breacaosta agus, gan dabht, d’fhéadfadh an suíomh níos mó daoine óga san aoisghrúpa 18-35 a bhaint amach. Sin an grúpa atá aicmithe ag an eaglais mar an óige, grúpa a úsáideann an chumarsáid shóisialta go rialta le haghaidh cuspóirí ilchineálacha chomh maith.

Déanann an suíomh iarracht usáid a bhaint as ardroghanna ar líne chun daoine óga a shroicheadh – is féidir léirmheas a dhéanamh ar leathanach Facebook, tráchtaireachtaí scrioptúir a fháil san fhormáid RSS, agus tuairim a thabhairt faoi ghné ar bith i rannán ar leith le haghaidh aiseolais. Sa todhchaí d’fhéadfaí ábhar an tsuímh uile a chur ar ghuthán ríomhaire, agus paidir laethúil saincheaptha a chur ar fáil do daoine óga. Bheadh Sacred Space sárfhurasta le húsáid, agus níos tarraingtí don óige uile, dá mbeadh láithreacht aige ar fheidhmiúcháin chumarsáide sóisialta; dá mbeadh naisc aige le suíomhanna idirlín den chineál céanna; agus dá mbeadh comhéadain úsáideora nuaaimseartha aige.

Glactar leis san eaglais uilíoch go bhfuil an t-idirlíon fíorthábhachtach i soiscéalaíocht na hóige. Dá réir sin, sheol an eaglais an chéad líonra sóisialta oifigiúil riamh – Xt3 (www.xt3.com) – roimh Lá Domhanda na nÓg i Sydney na hAstráile anuraidh. Is í an aidhm atá leis ná cuidiú le daoine óga dul i dteagmháil lena chéile d’fhonn níos mó eolais a fháil faoin gcreideamh Caitliceach, ceangal a dhéanamh leis an eaglais go ginearálta, agus a fháil amach céard atá ag tarlú ina gceantar féin. Baineann a Naofacht an Pápa Beinidict XVI úsáid as, fiú, agus sheol sé teachtaireacht chuig na baill go léir tar éis an cheiliúrtha i Sydney. Baineann ábhar Xt3 go hiomlán le daoine óga: líonraí, leabharlann alt, físeáin, podchraoltaí agus comhaid fuaime, nuacht, intinní, paidreacha, pobalbhreitheanna, agus tuilleadh. Ba mhaith leis an suíomh díospóireacht agus fóram plé a spreagadh, agus tá acmhainní ann ar nós féilire Charghais le paidreacha, léachtaí laethúla agus gearrthóga fuaime chun cabhair a thairisicint do dhaoine óga ar a n-aistear creidimh. Ní amháin sin, ach is féidir inneachar Xt3 a roinnt le do chairde ar Facebook agus ar lionraí cumarsáide sóisialta eile chun cuidiú le soiscéalaíocht na hóige.

I mo thuairim féin, tá an óige ag iarraidh teacht ar an mbrí atá leis an saol a chaitheann siad, go háirithe sa mheathlú geilleagrach atá againn faoi láthair. Tá an líon daoine óga a fhaigheann freagraí ón gcreideamh ag dul i méid. Is féidir é seo a fheiceáil go soiléir san obair a dhéanann siad, mar shampla a bheith i mbun soiscéalaíochta le lucht a gcomhaoise féin, agus a bheith ag obair ar thionscadail ceartais sóisialta. Is minic nach mbíonn an obair seo infheicthe don phobal i gcoitinne, ach is mór an difríocht a dhéanann sí sa tsochaí.

Ar bhonn na taithí a fuaireas féin leis an ngrúpa soiscéalaíochta Youth 2000, tá an chumarsáid shóisialta fíorthábhachtach chun teagmháil a dhéanamh le daoine óga ar a leibhéal féin. Baineann an óige usáid aisti i gconaí chun áthais an chreidimh a roinnt i measc lucht a gcomhaoise féin. Ní gá duit ach breathnú ar na céadta daoine óga a d’fhreastail ar Fhéile na hÓige i gCnoc Mhuire agus i gCluain Mhic Nóis i rith an tsamhraidh chun a gcreideamh a cheiliúradh. Fuair an chuid is mó díobh spreagadh chun dul ann óna gcairde tríd an gcumarsáid shóisialta nó an promóisean go léir ar líne. Is fíorfhinnéithe don gcreideamh iad i sochaí an lae inniu.

Gan amhras, cabhraíonn modhanna nua-aimseartha cumarsáide go mór le daoine óga, agus téann siad chun sochar a bhforbartha pearsanta féin agus an domhain uile! “Gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa” (Gníomhartha 1:8, téama Lá Domhanda na nÓg 2008).

Tá Patrick Muldoon ag obair mar riarthóir le Sacred Space.

Intinn Choitianta an Phápa do mhí Eanáir 2010                                                                                      Go mbaine daoine óga an leas is fearr as modhanna nua-aimseartha cumarsáide chun sochar a bhforbartha pearsanta féin agus an domhain uile.   

Pádraig Ó Maoldúin, sliocht as Timire an Chroí Ró-naofa, eagrán an Fómhar 2009

Author: Patrick Muldoon