Tá an tsoiscéalaíocht mar phríomh-thosaíocht ag an eaglais faoi láthair agus léiríonn “Bliain an Chreidimh” le déanaí an tábhacht atá ag baint leí, go háirithe sna tíortha Críostaí is sine ina bhfuil cleachtas an chreidimh laghdaithe iontu agus an cultúr saolta ag dul i méid, Éire san áireamh.
Is féidir rath na Soiscéalaíochta Nua a fheiceáil san eaglais in Éirinn go mór sa gníomhaíochtaí atá á reáchtáil ag na gluaiseachtaí agus Comhluadar nua – obair leis an óige agus misean ar na sráideanna san áireamh. Glaotar ‘Nightfever’ ar ceann de na gníomhaíochtaí atá á reáchtáil faoi láthair i mBaile Athá Cliath, i nGaillimh agus i gCorcaigh. Is gníomhaíocht idirnáisiúnta é seo a thosaigh tar éis Lá Domhanda na nÓg sa nGearmáin í 2005 agus atá á reáchtáil go rialta anois í ndaichead cathair timpeall na cruinne. Tá aidhm shimplí ag Nightfever: eaglais lár na cathrach a oscailt go déanach trathnóna Satharn agus cuireadh a thabhairt do dhaoine dul istigh ann chun coinneal a lasadh, taitneamh a bhaint as an gceol álainn agus a bheith í láithreacht Dé.
I mBaile Athá Cliath bíonn Nightfever ar súil in eaglais álainn na gCairmilíteach ar sráid Clarendon. Tosaíonn an ocáid le hAifreann agus díreach ina dhiaidh sin bíonn Adhradh Eocairisteach go dtí deireadh an trathnóna. Ar feadh trí huaire a chloig ansin, téann thart ar tríocha misinéirí sráide í dteagmháil le lucht siopadóireachta agus le daoine ar a mbealach amach go dtí tithe tábhairne, pictúirlanna agus amharclanna na cathrach ag tairiscint dóibh coinneal saor in aisce. Téann na misinéirí in éineacht leis na daoine a ghlacann an cuireadh chun an coinneal a lasadh ag an altóir. Fanann na cuarteoirí an fhaid a theastaíonn uathu agus bíonn fáilte rompu urnaí a scríobh agus focal scrioptúir a thogáil as ciseán atá ar fáil ar an altóir. Bíonn daoine óga agus sagairt ar fáil don trathnóna go léir le haghaidh comhrá nó faoistin agus nuair a imíonn na cuairteoirí, faigheann siad billeog eolais le himeachtaí Caitliceacha atá ag tarlú sna sa ceantaracha áitiúla.
Bíonn na cuairteoirí i gconaí ag caint faoi cé chomh corraitheach is atá an ócáid leis an atmaisféar urnaitheach, ceol aláinn, mórchiúnais, agus déanann said cur síos ar oscailteacht an tráthnóna freisin. Ní raibh roinnt acu riamh in eaglais. Cuireann roinnt eile díobh ceisteanna faoin gcreideamh. Filleann cuid acu ar ais chuig ocáid Nightfever eile, nó tosaíonn siad ag dul chuig an Aifreann nó ag freastal ar ócáidí an pharóiste.
Tá an misean seo beannaithe leis an méid tacaíochta a thugann na hoibrithe deonacha agus an pobal religiúnach dó. Gach misean bíonn iontas ag na heagraithe agus na sagairt leis an méid daoine a glacann an cuireadh chun coinneal a lasadh agus a théann isteach san eaglais. Bíonn iontas ar na misinéirí sráide chomh maith faoi na comhráite a bhíonn acu leis na cuairteoirí ag gríosadh a gcuid gcáirde féin go minic an coinneal a thógáil agus dul in éineacht leo san eaglais.
Le linn mo thuras creidimh féin theagmhaigh mé le maitheas agus deonú Dé í slí láidir ó thaobh a bheith bainteach leis an tsoiscéalaíocht agus dá bharr sin ba mhaith liom meon miseanach a chruthú i mo shaol laethúil. Tuigim an dualgas atá orainnne mar Chaitlicigh soiscéalaíocht a dhéanamh agus Críost a fhógairt do dhaoine eile, pointe atá mar théama láidir do phápacht Phroinsias. Táim i mo bhall den Chomhluadar Emmanuel agus déanaim iarracht an carasma adhradh, atrua agus soiscéalaíochta a leanúint. I mo thuairim, ní féidir linn soiscéalaíocht inchreidte a dhéanamh gan ár gcreidimh agus múinín a chur in Íosa agus Muire Mháthair i dtosach báire. Tagann an intinn mhisineach trí urnaí. Is as an bpaidreoireachta a fhaightear an Spiorad Naomh agus an uaillmhian iarracht a dhéanamh Críost a chur in iúl do dhaoine eile, le cúnamh agus le treoir Muire, Réalta na Soiscéalaíochta.
Intinn mhiseanach an Phápa do mhí Bealtaine 2014 Go raibh Muire, Réalta na Soiscéalaíochta, ina treoir don Eaglais chun Críost a fhógairt do na náisiúin uile.
Pádraig Ó Maoldúin, sliocht as Timire an Chroí Ró-naofa, eagrán an tEarrach 2014.